6 Cad é mar a creachadh Éasau!rinneadh slad ar a sheoda.
7 Mheall do chomhghuaillithe go léir thú!thiomáin siad go himill do chríoch thú.Fuair do pháirtithe an lámh in uachtar ort;chuir do chairde as a raibh do mhuinín gaiste romhat.- ‘Níl aon eagna fágtha aige.’
8 Nach scriosfaidh mé, a deir an Tiarna,na saoithe as Eadóm an lá sin?agus an eagna as Sliabh Éasau.
9 Beidh uafás ar do churaidh, a Théamán,i dtreo go ndíothófar gach duine ó Shliabh Éasau.”
10 “Beidh brat náire ort faoin bhforéigeana rinneadh ar do bhráthair Iósaef,agus rachaidh tú ar ceal go brách.
11 An lá a sheas tú i leataobhan lá a rug strainséirí a mhaoin leo,agus a ghabh coigríochaigh a gheataí isteach,agus a chuir siad Iarúsailéim ar chrainn,ba gheall le duine díobh thú.
12 Ach b'olc an mhaise duit gur gheal leatcás do bhráthar lá a mhí-áidh;go ndearna tú lúcháir faoi mhuintir Iúdá,lá a mífhortúin,agus maíomh lá na duainéise.