1 Le linn na mBreithiúna a bheith i réim tharla gorta sa tír agus d'imigh fear áirithe as Beithil Iúdá a chónaí i dtír Mhóáb, é féin, a bhean agus a bheirt mhac.
2 Eilímeilic a bhí mar ainm ar an bhfear, Náoimí ar a bhean agus Machlón agus Cilión ar a bheirt mhac. Eafrátaigh ab ea iad ó Bheithil Iúdá agus thángadar go tír Mhóáb agus chuireadar fúthu ann.
3 D'éag Eilímeilic, fear céile Náoimí agus fágadh ise agus a beirt mhac.
4 Phósadarsan mná Móábacha, a raibh Orpá ar dhuine acu agus Rút ar an mbean eile. Mhaireadar ansiúd ar feadh deich mbliana nó mar sin.
5 Ansin fuair Machlón agus Cilión bás, agus fágadh an bhean gan mac den bheirt, gan fear.
6 Chuir sí féin agus baintreacha a mac faoi réir ansin le filleadh as tír Mhóáb óir d'airigh sí i dtír Mhóáb gur tháinig an Tiarna i gcabhair ar a mhuintir agus gur thug bia dóibh.
7 Ansin d'imigh sí féin agus a beirt bhan mic ón áit ina raibh cónaí orthu, agus chuir siad chun bóthair ar ais go tír Iúdá.