13 an mbeadh sibh sásta fanacht nó go bhfásfaidís? An bhfanfadh sibh gan pósadh chuige sin? Ná déanaigí, a ógmhná, mar go ngoillfeadh sé go mór orm ar bhur son-sa gur tógadh lámh an Tiarna i mo choinne.”
14 Bhris a ngol arís orthu agus ghoileadar go fuíoch. Ansin phóg Orpá máthair a céile [agus d'imigh uaithi chun a muintire féin]; ach chloígh Rút léi go dlúth.
15 Dúirt Náoimí [le Rút] ansin: “Féach i leith orm anois. Siúd í bean do dhearthár imithe ar ais chun a muintire féin agus chun a dé féin. Imighse leat chomh maith agus lean bean do dhearthár.”
16 Ach d'fhreagair Rút: “Ná bí ag tathant orm imeacht uait agus filleadh gan a bheith feasta i do chuideachta: óircibé áit a rachaidh tusa,is ann a rachaidh mise,agus cibé áit a mbainfidh tusa fút,is ann a bhainfidh mise fúm;siad do mhuintirse is muintir domsa,agus is é do Dhia is Dia domsa.
17 Fód do bháis, fód mo bháis-sé,agus láthair m'adhlactha.Go ndéana an Tiarna seo agus siúd liom,agus a thuilleadh fós,dá scarfadh fiú an bás ó chéile sinn!”
18 Nuair a thuig Náoimí go raibh sí meáite ar dhul léi, ní dúirt sí a thuilleadh.
19 Chuadar araon ar aghaidh nó gur thángadar go Beithil. Nuair a shroicheadar Beithil suaitheadh an chathair go léir dá mbarr. “An í seo Náoimí?” a deireadh na mná.