3 D'éag Eilímeilic, fear céile Náoimí agus fágadh ise agus a beirt mhac.
4 Phósadarsan mná Móábacha, a raibh Orpá ar dhuine acu agus Rút ar an mbean eile. Mhaireadar ansiúd ar feadh deich mbliana nó mar sin.
5 Ansin fuair Machlón agus Cilión bás, agus fágadh an bhean gan mac den bheirt, gan fear.
6 Chuir sí féin agus baintreacha a mac faoi réir ansin le filleadh as tír Mhóáb óir d'airigh sí i dtír Mhóáb gur tháinig an Tiarna i gcabhair ar a mhuintir agus gur thug bia dóibh.
7 Ansin d'imigh sí féin agus a beirt bhan mic ón áit ina raibh cónaí orthu, agus chuir siad chun bóthair ar ais go tír Iúdá.
8 Dúirt Náoimí lena beirt bhan mic: “Ar ais libh, gach duine agaibh, go teach a mháthar. Go raibh an Tiarna lách dílis libh faoi mar a bhí sibhse leis an muintir atá sa chré, agus liomsa.
9 Go ndeonaí an Tiarna go bhfaighfidh sibh baile, gach duine agaibh beirt, le céile fir ina theach.” Agus phóg sí iad, ach chromadarsan ar ghol go fuíoch.