1 Bhí fear gaoil ag Náoimí de thaobh a fir, fear an-saibhir de shliocht Eilímeilic agus Boaz ab ainm dó.
2 Dúirt Rút an Móábach mná le Náoimí: “Lig dom dul amach sna goirt chun na diasa a bhailiú i ndiaidh duine éigin a mbeadh lé aige liom.” “Imigh leat, a iníon ó,” ar sise léi.
3 D'imigh sí léi agus bhí sí ag bailiú na ndias i ndiaidh na mbuanaithe sna goirt agus tháinig sí go cuid Bhoaz, d'fhine Eilímeilic, den ithir.
4 Seo Boaz ag teacht ó Bheithil agus bheannaigh do na buanaithe: “Go raibh an Tiarna libh,” ar sé. D'fhreagair siadsan: “Go mbeannaí an Tiarna thú féin.”