18 Thug sí léi é agus d'imigh isteach sa chathair; thaispeáin sí a cnuasach do mháthair a céile. Leag sí os a comhair chomh maith an bia a bhí fágtha tar éis di féin a sáith a ithe agus thug di é.
19 Dúirt máthair a céile léi: “Cá raibh tú ag díolaim inniu? Cá raibh tú ag obair? Go raibh beannacht ar an té a thóg ceann duit!” Ansin d'inis Rút do mháthair a céile cé leis a ndearna sí an díolaim, agus dúirt: “Boaz is ainm don té a raibh mé ag obair leis inniu.”
20 Dúirt Náoimí le bean a mic: “Go raibh beannacht ón Tiarna ar an té nár theip a chineáltas ar an marbh ná ar an mbeo.” Agus lean Náoimí uirthi á rá léi: “Is gairid é gaol an duine sin linn; tá sé ar na daoine a bhfuil ceart fuascailte acu orainn.”
21 Labhair Rút an Móábach mná ansin: “Dúirt sé liom chomh maith,” ar sí, “ ‘lean ar shála mo mheithle go dtí go mbeidh m'fhómhar go léir bainte acu.’ ”
22 Agus dúirt Náoimí le Rút baintreach a mic: “Is fearr duit dul amach lena mheithealsan in áit dul go gort eile mar ar bhaol go gcuirfí isteach ort.”
23 D'fhan sí le meitheal Bhoaz dá bhrí sin ag díolaim go dtí go raibh an clabhsúr acu ar fhómhar na heorna agus na cruithneachta. Bhí sí ag cur fúithi le máthair a céile.