5 Ansin dúirt Boaz leis an seirbhíseach a bhí aige i bhfeighil na meithle: “Cér díobh an cailín seo?”
6 D'fhreagair saoiste na meithle: “Sin í an cailín Móábach a tháinig ar ais le Náoimí ó thír Mhóáb,
7 agus dúirt sí: ‘Lig dom le do thoil na diasa a dhíolaim agus a bhailiú i measc na bpunann i ndiaidh na meithle.’ Tháinig sí más ea agus tá sí ar a cosa gan stad ó mhaidin go moch.”
8 Dúirt Boaz le Rút: “Éist liom anois, a iníon ó, agus tuig é seo uaim: ná téighse a dhíolaim in aon ghort eile. Ná fág an áit seo ach lean go dlúth mo mheithealsa.
9 Bíodh do shúil agat ar an gcuid sin den ghort a bhíonn á bhaint acu agus bí ina ndiaidh aniar. Tá ordú tugtha agam do mo sheirbhísigh gan cur isteach ort. Má bhíonn tart ort, buail síos chun na soithí agus ól deoch as ar tharraing na giollaí.”
10 Ansin shléacht Rút roimhe agus chrom go talamh, á rá: “Cad chuige duit a bheith chomh lách liom agus a leithéid de chúram a dhéanamh díom agus gan ionam ach strainséir?”
11 D'fhreagair Boaz: “Insíodh dom go hiomlán an uile ní dá ndearna tú ar son mháthair do chéile ón uair a fuair d'fhear bás; mar a d'fhág tú d'athair agus do mháthair agus do thír dhúchais i do dhiaidh agus gur tháinig tú go muintir nárbh aithnid duit roimhe seo.