1 Ansin dúirt Náoimí máthair a céile léi: “A iníon ó, nach é mo ghnó féachaint chuige go gcuirfidh tú fút go socair sásta.
2 Anois nach gaol dúinn Boaz a raibh tú i bhfochair a mheithle? Féach beidh sé ag cáitheadh na heorna anocht ar an urlár buailte.
3 Déan thú féin a ní, dá bhrí sin, agus a ungadh, agus cuir do thogha éadaigh ort, agus síos leat chun an urláir; ach ná cuir thú féin in aithne dó, nó go mbeidh bia agus deoch caite aige.
4 Nuair a luífidh sé, fair ar an áit ina luífidh agus téigh isteach agus bain an brat dá chosa agus luighse féin ansiúd. Inseoidh sé duit céard a bheidh le déanamh agat.”
5 D'fhreagair sí: “Déanfaidh mé gach a bhfuil ráite agat.”