13 Fan anseo anocht, agus más mian leis ar maidin amárach a cheart fuascailte ort a chur i bhfeidhm, bíodh aige agus fuasclaíodh sé thú. Ach mura mian leis sin a dhéanamh, dar an Tiarna beo, déanfaidh mé féin thú a fhuascailt. Luigh síos anois go maidin.”
14 Luigh sí ag a chosa dá bhrí sin go maidin, ach d'éirigh [Boaz] roimh an tráth a d'aithneodh daoine a chéile, “mar,” ar sé, “ní foláir a cheilt gur tháinig an bhean seo chun an urláir bhuailte.”
15 Ansin dúirt sé léi: “Tabhair leat an brat atá á chaitheamh agat agus leath amach é.” Leath sí roimhe é agus chuir seisean sé thomhas eorna ann, agus d'ardaigh uirthi é. D'imigh sí léi isteach sa chathair ansin.
16 Nuair a shroich sí máthair a céile, d'fhiafraigh sise: “Conas a bhí agat, a iníon ó?” Ansin d'inis sí gach a ndearna an fear di.
17 Lean sí uirthi: “Agus thug sé na sé thomhas plúir seo dom,” ar sí, “agus dúirt sé liom: ‘Déan deimhin de nach folamh a rachaidh tú ar ais chun máthair do chéile.’ ”
18 D'fhreagair sise: “Fan, a iníon ó, go bhfeice tú conas mar a bheidh, mar ní rachaidh aon suaimhneas ar an bhfear nó go gcuirfidh sé nithe i gcrích inniu féin.”