16 Agus thóg Náoimí an leanbh agus chuir ina hucht é, agus bhí ina buime aige.
17 Agus thug mná na comharsanachta ainm air. “Saolaíodh mac do Náoimí,” a dúradar, agus thugadar Óbaed air. Ba eisean athair Ieise, athair Dháiví.
18 Seo iad sliocht Pheiriz: ghin Peiriz Heazrón;
19 ghin Heazrón Rám; ghin Rám Amaineádáb;
20 ghin Amaineádáb Nachsón; ghin Nachsón Salmón;
21 ghin Salmón Boaz; ghin Boaz Óbaed;
22 ghin Óbaed Ieise, agus ghin Ieise Dáiví.