Rút 4:3-9 ABN

3 Ansin dúirt sé leis an bhfear gaoil: “Náoimí, an bhean a d'fhill ar ais ó thír Mhóáb, tá sí ag díol an phaiste talún a bhí ag Eilímeilic ár ngaol.

4 Shíleas nár mhiste é sin a insint duit agus a rá leat: Ceannaigh é i bhfianaise na muintire atá ina suí anseo, agus i bhfianaise seanóirí mo phobail. Más mian leat do cheart fuascailte air a chur i bhfeidhm, fuascail é. Mura ndéanann tú, inis dom é agus beidh a fhios agam, mar seachas tusa, níl aon duine eile chun é a fhuascailt ach mise; ach tá an tosach agat orm.” Dúirt sé: “Táim sásta é a fhuascailt.”

5 Ansin lean Boaz air: “An lá a cheannóidh tú an paiste talún ó láimh Náoimí, ceannóidh tú [Rút] chomh maith, an Móábach, baintreach an mhairbh, agus ar an gcuma sin tabharfaidh tú a ainm ar ais dá oidhreacht.”

6 Ansin dúirt an té a raibh an ceart fuascailte aige: “Ní féidir dom feidhm a bhaint as mo cheart fuascailte dá réir sin gan m'oidhreacht féin a chur i bhfiontar. Cuirse féin mo cheart fuascailte i bhfeidhm ós rud é nach féidir domsa é a dhéanamh.”

7 Ba é an nós é sa seansaol in Iosrael i ngnóthaí fuascailte nó malartaithe, d'fhonn margadh a dhaingniú, go mbainfeadh duine a chuarán de, agus é a thabhairt don duine eile, agus ba mar sin a dhéantaí an daingniú in Iosrael i láthair finnéithe.

8 Nuair a dúirt an gaol ba ghaire le Boaz: “Ceannaigh duit féin é,” bhain sé a chuarán de.

9 Ansin dúirt Boaz leis na seanóirí agus leis an bpobal uile: “Finnéithe sibh inniu air gur cheannaigh mé ó láimh Náoimí gach ar bhain le Eilímeilic, le Cilión agus le Machlón;