Rút 4:6-12 ABN

6 Ansin dúirt an té a raibh an ceart fuascailte aige: “Ní féidir dom feidhm a bhaint as mo cheart fuascailte dá réir sin gan m'oidhreacht féin a chur i bhfiontar. Cuirse féin mo cheart fuascailte i bhfeidhm ós rud é nach féidir domsa é a dhéanamh.”

7 Ba é an nós é sa seansaol in Iosrael i ngnóthaí fuascailte nó malartaithe, d'fhonn margadh a dhaingniú, go mbainfeadh duine a chuarán de, agus é a thabhairt don duine eile, agus ba mar sin a dhéantaí an daingniú in Iosrael i láthair finnéithe.

8 Nuair a dúirt an gaol ba ghaire le Boaz: “Ceannaigh duit féin é,” bhain sé a chuarán de.

9 Ansin dúirt Boaz leis na seanóirí agus leis an bpobal uile: “Finnéithe sibh inniu air gur cheannaigh mé ó láimh Náoimí gach ar bhain le Eilímeilic, le Cilión agus le Machlón;

10 mar an gcéanna gur cheannaigh mé Rút an Móábach, baintreach Mhachlón le bheith mar bhean agam, chun ainm an mhairbh a choimeád buan ar a oidhreacht d'fhonn nach dteipfeadh ainm an mhairbh i measc a bhráithre ná ag geata a bhaile dúchais. Finnéithe air sin sibhse.”

11 Dúirt a raibh ag an ngeata agus na seanóirí: “Is finnéithe sinn. Go ndéana an Tiarna an bhean atá ag teacht ar do theaghlach a thabhairt ar aon dul le Ráchael agus le Léá, an bheirt a thóg suas teaghlach Iosrael as láimh a chéile. Go raibh an rath ort in Eafrátá, agus cáil ort i mBeithil.

12 Agus go raibh do theaghlach mar theaghlach Pheiriz (a rug Támár do Iúdá) de bharr na clainne a thabharfaidh an Tiarna duit ón mbean óg seo.”