1 Briathar an Tiarna a labhraíodh le Zafainiá, mac Chúisí, mhic Ghadailiá, mhic Amairiá, mhic Hiziciá, in aimsir Ióisíá, mhic Ámón, rí Iúdá.
2 “Táim ar tí léirscrios a dhéanamhar gach ní atá ar dhromchla an domhain,a deir an Tiarna.
3 Scriosfaidh mé an duine agus an beithíoch;scriosfaidh mé éanlaith an aeiragus éisc na farraige(agus gach ábhar scannailagus gach rud a bhaineann tuisle as lucht an oilc)agus scuabfaidh mé an cine daonna chun siúilde dhromchla an domhain, a deir an Tiarna.
4 Agus sínfidh mé amach mo lámhin aghaidh Iúdá agus áitritheoirí uile Iarúsailéim,agus scuabfaidh mé chun siúilgach rian de Bhál as an áit seo,mar aon le hainmneachaa sheirbhíseach agus a shagart
5 iad siúd a shléachtannroimh réaltaí neimhe ar dhíonta na dtitheagus na daoine freisin a shléachtann roimh an Tiarnaach a mhionnaíonn dar Miolcom
6 (agus na daoine a iompaíonn ón Tiarnaagus nach lorgann éagus ar beag orthu é).”
7 Bí i do thost i láthair an Tiarna Dia!óir tá lá an Tiarna in achmaireacht.Is ea, go deimhin, tá an Tiarna tar éis íobairt a ullmhúagus a chuid aíonna a choisreacan.