8 “Ar lá íobartha an Tiarnasmachtóidh mé na feidhmeannaighagus clann mhac an ríagus na daoine go léira chaitheann cultacha coimhthíocha.
9 An lá sin smachtóidh ména daoine go léir a léimeann thar an tairseachagus a líonann pálás a dtiarnale foréigean agus le camastaíl.
10 An lá sin, a deir an Tiarna,cloisfear gáir ó Gheata na nIascagus uallfartach ón mBaile Nuaagus callán mór ó na cnoic.
11 Déanaigí olagón, a áitritheoirí an Mhoirtéir;mar díothófar an lucht trádála go léiragus scuabfar chun siúillucht meáite uile an airgid.
12 An tráth sin cuardóidh mé Iarúsailéim le lóchrainnagus smachtóidh mé na daoine sinatá ag dul i raimhre ar a ndeascadhagus a deir ina gcroí istigh:‘Ní féidir leis an Tiarna dada a dhéanamh,olc maith ná donaí.’
13 Mar sin de déanfar slad ar a maoinagus léirscrios ar a dtithe.Fiú má thógann siad tithení chónóidh siad iontu,agus má chuireann siad fíniúnaní ólfaidh siad a bhfíon.”
14 Tá lá mór an Tiarna in achmaireacht;tá sé sa chóngar agus é ag teacht faoi lánluas;ar lá an Tiarna tógfar gártha searbha;fiú an gaiscíoch, beidh sé ag glaoch ar chabhair.