1 Cruinnígí le chéile, is ea, cruinnígí le chéile,a chine gan náire,
2 sula dtiomáintear chun siúil sibh mar an gcáith,sula dtaga fearg fhíochmhar an Tiarna oraibh,sula mbeire lá dhíbheirg an Tiarna oraibh.
3 Lorgaigí an Tiarna, sibhse uile,a dhaoine uirísle na tíre,a chomhlíonann a reacht.Lorgaigí an fhíréantacht,lorgaigí an uirísle;b'fhéidir go bhfaigheadh sibh dídeanar lá dhíbheirg an Tiarna.
4 Is ea, tréigfear Gazá,agus beidh Aiscileon ina díthreabh.Díbreofar muintir Aisdeod i lár an lae ghilagus bainfear Eacrón as a fréamhacha.
5 Mairg daoibh,a áitritheoirí chósta na farraige,a chine na gCréiteach.(Tá briathar an Tiarna in bhur n‑aghaidh.)Ísleoidh mé thú, a dhúiche na bhFilistíneach!Millfidh mé thú sa chaoi nach bhfágfaraon áitritheoir ar bith ionat.
6 Déanfar bánta díot,talamh féaraigh aoirí, agus cróite caorach.
7 Agus beidh cósta na farraigeag fuílleach theaghlach Iúdá;san áit sin cuirfidh siad a dtréada ar féarach;rachaidh siad chun suain um thráthnónai dtithe Aiscileon,Óir, déanfaidh an Tiarna, a nDia, cúram díobhagus rathóidh sé iad arís.