8 “Chuala mé madaí Mhóábagus cáineadh chlann Amóna thug aithis do mo phobalagus a rinne maíomh in aghaidh mo thíre féin,
9 Ar an ábhar sin,”a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael,“dar mo bheo ach beidh Móáb mar Shodomagus clann Amón mar Ghomorá -dúiche lán neantóg, carn salainn,díthreabh go deo.Creachfaidh fuílleach mo phobail iadagus glacfaidh iarmhar mo náisiúin seilbh orthu.”
10 A chonách sin orthu de dheasca a n‑uabhair!Mar thug siad aithis do phobal Thiarna na Slua,agus rinne siad maíomh ina aghaidh.
11 Cuirfidh an Tiarna scanradh a n‑anama orthu;mar cuirfidh sé déithe uile an domhain ar neamhníagus sléachtfaidh insí uile na náisiún go talamh roimhe,gach ceann acu ina áit féin.
12 Agus fiú amháin sibhse, a Chúisíteacha,pollfar sibh le mo chlaíomh.
13 Sínfidh sé a lámh amach in aghaidh an tuaiscirtagus scriosfaidh sé an Asaíragus déanfaidh sé díthreabh de Nínivénó go mbeidh sí chomh tirim le fásach.
14 Agus luífidh síos ina lártréada de gach saghas ainmhithe;agus fiú amháin an cág agus an t‑ulchabhán,déanfaidh siad fara dá coirnisí san oíche.Cloisfear a nglaonna ar an bhfuinneogagus grágaíl an fhéich dhuibh ar an tairseach.Óir, tá an obair chéadrais millte.