14 “Déan gairdeas, a iníon Shíón;tóg gártha áthais, a Iosrael;bíodh lúcháir agus gliondar ar do chroí go hiomlán,a iníon Iarúsailéim.
15 Tá an Tiarna tar éis an breithiúnasa bhí ag bagairt ort a thógáil díotagus do chuid naimhde a thiomáint chun siúil uait.Tá an Tiarna, rí Iosrael, i do láragus ní healaí duiteagla an mhí-áidh a bheith ort níos mó.
16 An lá sin déarfar le Iarúsailéim:‘Ná bíodh eagla ort, a Shíón;ná lagtar do lámha!
17 Tá an Tiarna, do Dhia, i do lármar laoch caithréimeach;déanfaidh sé gairdeas go spleodrach mar gheall ort.Athnuafaidh sé thú le neart a ghrá;tógfaidh sé gártha áthais ar do shonfaoi mar a dhéantar ar lá an tsollúntais.’
18 “Ardóidh mé an tubaiste díotsa chaoi nach mbeidh ortmaslaí a fhulaingt níos mó.
19 Féach! An tráth sin cuirfidh mé deireadhleis na daoine go léir a d'imir ansmacht ort.Sábhálfaidh mé na bacaigh;baileoidh mé le chéilean mhuintir a ruaigeadh chun fáinagus gnóthóidh mé clú agus cáil dóibhi ngach aon tír ar cuireadh náire orthu inti.
20 An tráth sin, baileoidh mé sibh le chéileagus treoróidh mé féin abhaile sibh ansin.Tabharfaidh mé clú agus cáil daoibhi measc ciníocha uile an domhain,nuair a rathóidh mé sibh arísfaoi bhur súile féin,” a deir an Tiarna.