Zafainiá 3:2-8 ABN

2 Ní éisteann sí leis an teachtaireacht;ní ghlacann sí leis an teagasc;ní chuireann sí a muinín sa Tiarna,agus ní thagann sí in ngar dá Dia.

3 Leoin ag búirílis ea na huaisle atá istigh inti;mic tíre choineascrachanach raibh dada le creimeadh acu ar maidin,is ea a cuid breithiúna.

4 Bladhmairí is ea a fáithe,fir lán fill;truaillíonn a cuid sagart nithe naofaagus sáraíonn siad an dlí.

5 Istigh inti ina lár tá an Tiarna cóir;ní dhéanann sé an t‑éigeart riamh.Maidin i ndiaidh maidine fógraíonn sé a bhreithiúnas;le lonradh an lae ní loiceann sé riamh.Ach níl ciall ar bith do náire ag an drochdhuine.

6 “Táim tar éis na náisiúin a dhísciú;scriosadh a dtúir choirnéil.Tá a sráideanna bánaithe agamsa chaoi nach ngabhann duine ar bith tríothu.Scartáladh a gcathrachaagus níl duine ná deoraí ina gcónaí iontu.

7 Deirinn liom féin:‘Beidh eagla ortsa ar a laghad romham,agus foghlaimeoidh tú ceacht;agus ní scriosfar a háitreabh,ní bhainfear as a cuimhne go deoná pionóis uile a chuir mé orthu siúd.’Ach ní mar sin a tharla.Is amhlaidh atá siad ag brostúchun a ngníomhartha uile a thruailliú.”

8 “Ar an ábhar sin,” a deir an Tiarna,“fan liom go dtí an lá a seasfaidh mé suas i mo chúiseoir;mar tá sé socair agam na náisiúin a chruinniú,na ríochtaí a thabhairt i gceann a chéilechun go ligfidh mé mo racht amach orthu,mo chuid feirge fíochmhaire go léir.Go deimhin, ídeofar an domhan go léirle tine mo chuid éada.