Zafainiá 3:5-11 ABN

5 Istigh inti ina lár tá an Tiarna cóir;ní dhéanann sé an t‑éigeart riamh.Maidin i ndiaidh maidine fógraíonn sé a bhreithiúnas;le lonradh an lae ní loiceann sé riamh.Ach níl ciall ar bith do náire ag an drochdhuine.

6 “Táim tar éis na náisiúin a dhísciú;scriosadh a dtúir choirnéil.Tá a sráideanna bánaithe agamsa chaoi nach ngabhann duine ar bith tríothu.Scartáladh a gcathrachaagus níl duine ná deoraí ina gcónaí iontu.

7 Deirinn liom féin:‘Beidh eagla ortsa ar a laghad romham,agus foghlaimeoidh tú ceacht;agus ní scriosfar a háitreabh,ní bhainfear as a cuimhne go deoná pionóis uile a chuir mé orthu siúd.’Ach ní mar sin a tharla.Is amhlaidh atá siad ag brostúchun a ngníomhartha uile a thruailliú.”

8 “Ar an ábhar sin,” a deir an Tiarna,“fan liom go dtí an lá a seasfaidh mé suas i mo chúiseoir;mar tá sé socair agam na náisiúin a chruinniú,na ríochtaí a thabhairt i gceann a chéilechun go ligfidh mé mo racht amach orthu,mo chuid feirge fíochmhaire go léir.Go deimhin, ídeofar an domhan go léirle tine mo chuid éada.

9 “Is ea, tabharfaidh mé ansinbeola glana do na ciníochachun go nglaofaidh cách ar ainm an Tiarna,agus chun go bhfónfaidh siad dó de thoil a chéile.

10 Ón taobh thall d'aibhneacha na Cúisetabharfaidh mo chuid adhraitheoirí, iad siúd a scaip mé,ofrálacha chugam.

11 “An lá sin ní náireofar thúas na drochghníomhartha ceannairceacha a rinne tú i m'aghaidh.Mar tógfaidh mé as do lár ansindo chuid bladhmairí uaibhreacha;agus uaidh sin amach ní bheidh túag siúl timpeall go toirtéiseachníos mó ar mo shliabh naofa.