Zafainiá 3:7-13 ABN

7 Deirinn liom féin:‘Beidh eagla ortsa ar a laghad romham,agus foghlaimeoidh tú ceacht;agus ní scriosfar a háitreabh,ní bhainfear as a cuimhne go deoná pionóis uile a chuir mé orthu siúd.’Ach ní mar sin a tharla.Is amhlaidh atá siad ag brostúchun a ngníomhartha uile a thruailliú.”

8 “Ar an ábhar sin,” a deir an Tiarna,“fan liom go dtí an lá a seasfaidh mé suas i mo chúiseoir;mar tá sé socair agam na náisiúin a chruinniú,na ríochtaí a thabhairt i gceann a chéilechun go ligfidh mé mo racht amach orthu,mo chuid feirge fíochmhaire go léir.Go deimhin, ídeofar an domhan go léirle tine mo chuid éada.

9 “Is ea, tabharfaidh mé ansinbeola glana do na ciníochachun go nglaofaidh cách ar ainm an Tiarna,agus chun go bhfónfaidh siad dó de thoil a chéile.

10 Ón taobh thall d'aibhneacha na Cúisetabharfaidh mo chuid adhraitheoirí, iad siúd a scaip mé,ofrálacha chugam.

11 “An lá sin ní náireofar thúas na drochghníomhartha ceannairceacha a rinne tú i m'aghaidh.Mar tógfaidh mé as do lár ansindo chuid bladhmairí uaibhreacha;agus uaidh sin amach ní bheidh túag siúl timpeall go toirtéiseachníos mó ar mo shliabh naofa.

12 Fágfaidh mé pobal bocht uiríseal i do láragus lorgfaidh fuílleach Iosrael dídeanin ainm an Tiarna.

13 Ní dhéanfaidh siad aon éigeart,ní mó ná a inseoidh siad bréaga,agus ní bhfaighfear teanga chealgach ina mbéal.Is ea, iníorfaidh siad agus ligfidh siad a scíth,agus ní chuirfidh aon duine isteach orthu feasta.”