1 An ní a bhí ó thús, an ní a chualamar, an ní a chonaiceamar lenár súile féin, an ní ar leagamar súil air agus lámh, mar atá, Briathar na beatha -
2 foilsíodh an bheatha agus chonaiceamar-na agus anois tugaimid fianaise agus fógraímid daoibhse an bheatha shíoraí a bhí fara an Athair agus a foilsíodh dúinne.
3 Fógraímid daoibhse an ní sin a chonaiceamar agus a chualamar le go mbeadh páirt agaibh linne, fearacht mar atá againne leis an Athair agus lena Mhac Íosa Críost.
4 Agus scríobhaimid na nithe seo chugaibh le go mba lán ár lúcháir.
5 Agus seo é an scéala a chualamar uaidh agus a fhógraímid daoibhse: gur solas é Dia, agus gan aon dorchacht ann.