2 Is é an íobairt sásaimh ar ár bpeacaí é, agus ní ar ár bpeacaíne amháin ach ar pheacaí an tsaoil uile.
3 Agus is mar seo atá fhios againn go n‑aithnímid é, a aitheanta a choinneáil.
4 An té a deir go n‑aithníonn é agus nach gcoinníonn a aitheanta is bréagach é agus níl an fhírinne sa duine sin.
5 Ach an té a choinníonn a fhocalsan go deimhin tá grá Dé lánfhoirfe ann; agus is mar sin a thuigimid go mairimid ann.
6 An té a deir go maireann ann ní foláir dó siúl faoi mar a shiúil seisean.
7 A chairde cléibh, ní aon nua-aithne a scríobhaim chugaibh ach an tseanaithne atá agaibh ó thús, agus sí an tseanaithne sin an focal a chuala sibh.
8 Ach anois is mar nua-aithne a scríobhaim chugaibh arís é, agus is fíor sin ina leithsean agus in bhur leithse, óir go bhfuil an dorchacht ag glanadh agus an fíorsholas ag taitneamh cheana féin.