1 A chairde cléibh, ná creidigí gach spiorad ach promhaigí na spioraid féachaint an ó Dhia dóibh: mar go ndeachaigh a liacht fáithe bréige amach ar an saol.
2 Mar seo a aithnítear an spiorad ó Dhia: gach spiorad a admhaíonn gur tháinig Íosa Críost i gcolainn dhaonna, is ó Dhia dó.
3 Agus gach spiorad a shéanann Íosa, ní ó Dhia dó, ach is é spiorad an Ainchríost é ar chuala sibh go raibh sé le teacht; agus atá ar an saol cheana féin.
4 Sibhse, áfach, a chlann liom, is ó Dhia daoibh agus tá buaite agaibh orthu siúd, mar gur treise an té atá ionaibhse ná an té atá ar an saol.
5 Is den saol iadsan agus dá bhrí sin is ar chúrsaí saolta a thráchtann siad, agus éisteann an saol leo.
6 Is ó Dhia dúinne. An té a aithníonn Dia éisteann linn, agus an té nach ó Dhia dó ní éisteann. Mar sin a aithnímid spiorad na fírinne thar spiorad na hearráide.
7 A chairde cléibh, tugaimis grá dá chéile mar gur ó Dhia an grá agus an té a thugann grá is ó Dhia a rugadh é, agus aithníonn sé Dia.