11 A chairde cléibh, ós fíor gur thug Dia grá dúinne nach mithid dúinne grá a thabhairt dá chéile.
12 Ní fhaca aon duine Dia riamh. Má thugaimid grá dá chéile maireann Dia ionainn agus is lánfhoirfe ionainn a ghrá.
13 Mar seo a thuigimid go mairimid ann agus go maireann seisean ionainn, gur bhronn sé orainn riar dá Spiorad féin.
14 Agus chonaiceamar agus tugaimid fianaise gur sheol an tAthair uaidh a Mhac, Slánaitheoir an tsaoil.
15 Cibé admhaíonn gurb é Íosa Mac Dé maireann Dia ann agus maireann seisean i nDia.
16 Agus is feasach dúinn agus creidimid an grá atá ag Dia dúinn. Is grá é Dia agus an té a mhaireann sa ghrá maireann i nDia agus maireann Dia ann.
17 Seo mar atá an grá lánfhoirfe ionainn, go mbeimis lánmhuiníneach in aghaidh lá an bhreithiúnais, óir faoi mar atá seisean is amhlaidh atáimidne sa saol seo.