5 Is den saol iadsan agus dá bhrí sin is ar chúrsaí saolta a thráchtann siad, agus éisteann an saol leo.
6 Is ó Dhia dúinne. An té a aithníonn Dia éisteann linn, agus an té nach ó Dhia dó ní éisteann. Mar sin a aithnímid spiorad na fírinne thar spiorad na hearráide.
7 A chairde cléibh, tugaimis grá dá chéile mar gur ó Dhia an grá agus an té a thugann grá is ó Dhia a rugadh é, agus aithníonn sé Dia.
8 An té nach dtugann grá ní aithnid dó Dia, mar is é Dia an Grá.
9 Mar seo a foilsíodh grá Dé inár measc gur sheol sé a aonMhac sa saol le go mairimis-ne trídsean.
10 Seo é an grá - ní gur thugamarna grá do Dhia ach gur thug seisean grá dúinne agus gur sheol uaidh a Mhac go mbeadh ina íobairt sásaimh ar ár bpeacaí.
11 A chairde cléibh, ós fíor gur thug Dia grá dúinne nach mithid dúinne grá a thabhairt dá chéile.