12 An té a bhfuil an Mac aige, tá an bheatha aige; an té nach bhfuil Mac Dé aige, níl an bheatha aige.
13 Scríobh mé na nithe seo chugaibh go mbeadh fhios agaibh go bhfuil an bheatha shíoraí agaibhse a chreideann in ainm Mhic Dé.
14 Agus seo í an mhuinín atá againn ina leith, cibé céard a agraímid air de réir a thola go n‑éisteann linn.
15 Agus más eol dúinn go n‑éisteann sé le cibé céard a agraímid air, tuigimid go bhfaighimid cinnte na hachainíocha a d'iarramar air.
16 Má airíonn éinne a bhráthair ag déanamh peaca nach peaca chun báis é, cuireadh sé an duine sin faoi bhrí na guí agus tabharfaidh [Dia] dó an bheatha don dream nach peaca chun báis a bpeaca. Tá peaca ann ar peaca chun báis é; ní faoina leithéid sin a mholaim an ghuí a dhéanamh.
17 Is peaca gach éagóir, ach tá peaca ann nach peaca chun báis.
18 Tá fhios againn nach ndéanann aon duine dá bhfuil ginte ó Dhia aon pheaca mar go gcumhdaíonn an té a gineadh ó Dhia é agus ní thig leis an mac mallachta baint leis.