8 an Spiorad agus an t‑uisce agus an fhuil, agus tá an triúr ar aon fhocal.
9 Má ghlacaimidne le fianaise dhaonna is treise arís fianaise Dé; agus is é seo fianaise Dé gur thug sé teastas gurb é a Mhac é.
10 An té a chreideann i Mac Dé tá an teastas sin aige ina chroí istigh; an té nach gcreideann i nDia, bréagnaíonn é mar nach gcreideann sé an teastas a thug Dia ar a Mhac féin.
11 Seo é brí na fianaise, gur thug Dia an bheatha shíoraí dúinn agus is ina Mhac atá an bheatha sin.
12 An té a bhfuil an Mac aige, tá an bheatha aige; an té nach bhfuil Mac Dé aige, níl an bheatha aige.
13 Scríobh mé na nithe seo chugaibh go mbeadh fhios agaibh go bhfuil an bheatha shíoraí agaibhse a chreideann in ainm Mhic Dé.
14 Agus seo í an mhuinín atá againn ina leith, cibé céard a agraímid air de réir a thola go n‑éisteann linn.