1 Tá a fhios agaibh féin, a bhráithre, nárbh aon turas in aistear ár gcuairt oraibh.
2 Bhí drochíde agus tarcaisne faighte i bhFilipí againn roimhe sin, mar is eol daoibh, ach fuaireamar de mhisneach ó Dhia a dhea-scéal a fhógairt daoibhse d'ainneoin fhreasúra láidir.
3 Ní mearbhall aigne ná drochintinn a bhí dár spreagadh ná ní ag iarraidh daoine a mhealladh a bhíomar;
4 ach de bhrí gurbh fhiú le Dia sinn a dhea-scéal a chur inár gcúram, craolaimid é dá réir, ní d'fhonn daoine a shásamh ach d'fhonn Dia a shásamh, mar is eisean a phromhann ár n‑intinn.
5 Agus mar is eol daoibh féin, ní dhearnamar plámás libh riamh,
6 agus tá a fhios ag Dia nach ar scáth na sainte a bhíomar ag obair ná ag lorg molta ó dhaoine, uaibhse ná eile,
7 cé go bhféadfaimis bheith teann oraibh mar thoscairí ó Chríost. Ach bhíomar chomh séimh, fad a bhíomar in bhur measc, le banaltra ag muirniú a páistí.