16 mar go bhfuil siad ag cur bac orainne labhairt leis na gintlithe d'fhonn is go slánofaí iad. Sa tslí sin tá siad ag cur barr ar a bhfuil de pheacaí déanta acu riamh anall; ach tá fearg Dé tagtha suas leo faoi dheireadh.
17 Maidir linn féin, a bhráithre, ní rabhamar scartha libh ach tamall beag aimsire - as raon ár súl a bhí sibh ach ní as raon ar gcroí - nuair a tháinig dúil rómhór orainn bhur ngnúis a fheiceáil arís.
18 Bhí fonn orainn teacht chugaibh - ba mhian liomsa, Pól, teacht chugaibh arís agus arís eile - ach choisc Sátan orainn é.
19 Tar éis an tsaoil, cén t‑ábhar dóchais agus áthais atá againn ach sibhse? Cén chraobh a bheidh againn le maíomh aisti os comhair an Tiarna Íosa Críost, nuair a thiocfaidh sé, ach sibhse?
20 Sea, is sibhse, go deimhin údar ár mórtais agus ár lúcháire.