3 Ní mearbhall aigne ná drochintinn a bhí dár spreagadh ná ní ag iarraidh daoine a mhealladh a bhíomar;
4 ach de bhrí gurbh fhiú le Dia sinn a dhea-scéal a chur inár gcúram, craolaimid é dá réir, ní d'fhonn daoine a shásamh ach d'fhonn Dia a shásamh, mar is eisean a phromhann ár n‑intinn.
5 Agus mar is eol daoibh féin, ní dhearnamar plámás libh riamh,
6 agus tá a fhios ag Dia nach ar scáth na sainte a bhíomar ag obair ná ag lorg molta ó dhaoine, uaibhse ná eile,
7 cé go bhféadfaimis bheith teann oraibh mar thoscairí ó Chríost. Ach bhíomar chomh séimh, fad a bhíomar in bhur measc, le banaltra ag muirniú a páistí.
8 Bhíomar chomh ceanúil sin oraibh go rabhamar sásta ní amháin an dea-scéal a roinnt oraibh ach ár n‑anam féin a roinnt oraibh chomh maith, agus a ansa linn a bhí sibh.
9 Is cuimhin libh, a bhráithre, an saothar agus an sclábhaíocht a rinneamar; mar a bhímis ag obair de lá is d'oíche ar eagla go mbeimis inár muirín ar dhuine ar bith agaibh le linn dúinn dea-scéal Dé a chraobhscaoileadh daoibh.