6 Nuair a tháinig Tiomóid ar ais chugainn uaibh anois beag, áfach, is é an scéal maith a bhí aige dúinn ar bhur gcreideamh agus ar bhur ngrá. D'inis sé dúinn go mbíonn sibh ag cuimhneamh go ceanúil orainn i gcónaí agus go bhfuil sibh chomh mór ag tnúth lenár bhfeiceáil agus atáimidne libhse.
7 Mar sin de, a bhráithre, ba mhór an tógáil chroí dúinn bhur gcreideamhsa i lár ár gcuid angair agus ár gcuid anacra,
8 mar gur beo dúinne anois nuair atá sibhse ag seasamh an fhóid go daingean sa Tiarna.
9 Cén buíochas is féidir dúinn a ghabháil le Dia as a bhfuil de lúcháir curtha orainn agaibh os comhair ár nDé?
10 Bímid á ghuí go dúthrachtach de lá is d'oíche go bhfeicfímid bhur ngnúis arís agus, cibé bearna atá ar bhur gcreideamh, go líonfaimid í.
11 Go ndéana Dia, ár nAthair, agus Íosa ár dTiarna, ar mbóthar chugaibh a réiteach dúinn.
12 Agus go ndéana an Tiarna bhur ngrá dá chéile agus do chách eile a mhéadú go fras nó go mbeidh sé ar aon chéim leis an ngrá atá againne daoibh.