19 Ná múchaigí an Spiorad;
20 ná déanaigí neamhshuim de na ráite fáidhiúla.
21 Déanaigí gach ní a thástáil; cloígí leis an maith
22 agus seachnaígí gach aon sórt oilc.
23 Go ndéana Dia na síochána féin, sibh a naomhú go smior; agus go gcoimeádtar slán gan locht sibh idir spiorad agus anam agus chorp i gcomhair theacht ár dTiarna Íosa Críost.
24 Mar is intaofa an té úd atá ag glaoch oraibh agus déanfaidh sé é sin.
25 A bhráithre, bígí ag guí orainne chomh maith.