21 Déanaigí gach ní a thástáil; cloígí leis an maith
22 agus seachnaígí gach aon sórt oilc.
23 Go ndéana Dia na síochána féin, sibh a naomhú go smior; agus go gcoimeádtar slán gan locht sibh idir spiorad agus anam agus chorp i gcomhair theacht ár dTiarna Íosa Críost.
24 Mar is intaofa an té úd atá ag glaoch oraibh agus déanfaidh sé é sin.
25 A bhráithre, bígí ag guí orainne chomh maith.
26 Beannaígí do na bráithre uile leis an bpóg naofa.
27 Cuirim oraibh as ucht an Tiarna an litir seo a léamh do na bráithre uile.