6 Ná bímis inár gcodladh, dá bhrí sin, ar nós daoine eile, ach bímis inár ndúiseacht agus ar ár gciall.
7 Istoíche is ea a chodlaíonn na codlatánaigh agus istoíche a bhíonn na meisceoirí ar meisce.
8 Ach ós den lá sinne, fanaimis ar ár gciall; cuirimis umainn an creideamh agus an grá mar lúireach agus dóchas ár slánaithe mar chafarr.
9 Ní hí an fhearg atá ceaptha dúinn ag Dia ach go mbainfimis ár slánú amach trínár dTiarna Íosa Críost,
10 a fuair bás ar ár son chun go mbeimis beo ina theannta, cibé acu beo nó marbh dúinn.
11 Dá bhrí sin, leanaigí ag spreagadh a chéile agus ag treisiú le chéile faoi mar atá sibh a dhéanamh cheana.
12 Iarraimid oraibh, a bhráithre, ómós a thabhairt dóibh siúd atá ag saothrú go dian in bhur measc agus atá do bhur stiúradh in ainm an Tiarna agus atá ag tabhairt comhairle daoibh.