2 i ngeall ar an bhfírinne a mhaireann buan ionainn agus a mhairfidh ionainn go brách:
3 beidh grásta agus trócaire agus síocháin i bhfírinne agus i gcarthanacht orainn ó Dhia an tAthair agus ó Íosa Críost Mac an Athar.
4 Ba mhór mo lúcháir a aireachtáil go bhfuil cuid de do chlann ag siúl san fhírinne de réir na haithne a fuaireamar ón Athair.
5 Ach anois achainím ar do Shoilse - ní amhail is dá mbeinn ag scríobh nua-aithne chugat ach an ceann a bhí againn ó thús - go dtugaimis grá dá chéile.
6 Agus is é seo an grá - go siúlaimis de réir a aitheanta: Seo í an aithne, mar a chuala sibh ó thús í, go siúlaimis sa ghrá.
7 Mar go ndeachaigh mórán mealltóirí ar an saol amach, daoine nach n‑admhaíonn teacht Íosa Críost i gcolainn dhaonna. Sin é an mealltóir agus an tAinchríost.
8 Aire daoibh, le nach gcaille sibh ar shaothraigh sibh, ach go bhfaighe sibh an lánluach.