10 Tiocfaidh lá an Tiarna mar ghadaí, agus scriosfar na spéartha de ruathar toirní; déanfar na dúile a mhilleadh le tine, agus loscfar an domhan agus a bhfuil d'oibreacha ann.
11 Ó tharla go bhfuil gach ní le scriosadh ar an gcuma sin, cén sórt daoine ar cheart daoibh a bheith maidir le hiompar naofa agus le cráifeacht,
12 agus sibh ag feitheamh le teacht lá Dé, agus á bhrostú! tríd sin déanfar na spéartha a scriosadh le tine, agus na dúile a leá le teas.
13 Ach táimid ag súil, de réir an ghealltanais, le spéartha nua agus le domhan nua mar a lonnóidh an fhíréantacht.
14 Dá bhrí sin, a chairde cléibh, ós rud é go bhfuil sibh ag súil leis na nithe sin, bígí go dúthrachtach le go bhfaigheadh sé sibh gan locht gan cháim, agus faoi shíocháin.
15 Agus tuigigí gur deis slánaithe foighne ár dTiarna. Scríobh ár ndeartháir dil Pól chugaibh freisin de réir na heagna a tugadh dó,
16 agus labhair sé ar an ábhar seo faoi mar a dhéanann ina litreacha go léir. Tá nithe áirithe deacair le tuiscint sna litreacha céanna agus déanann lucht aineolais agus místuamachta iad a lúbadh chun a léirscriosta féin faoi mar a dhéanann siad leis na scrioptúir eile.