11 Agus sin é an fáth a gcuireann Dia an mearbhall ag obair orthu sa tslí go gcreideann siad an t‑éitheach.
12 Dá réir sin, gach duine acu nár ghéill don fhírinne ach gurb é an t‑olc is áil leis, daorfar é.
13 Tá sé d'fhiacha orainne bheith ag gabháil buíochais le Dia gan stad mar gheall oraibh, a bhráithre, a bhfuil gnaoi an Tiarna oraibh, de bhrí gur roghnaigh Dia ó thús sibh chun go slánófaí sibh trí naomhú ón Spiorad agus trí chreidiúint san fhírinne.
14 Is é fáth ar ghlaoigh sé oraibh tríd an dea-scéal seo againne, chun go mbainfeadh sibh amach daoibh féin glóir ár dTiarna Íosa Críost.
15 Seasaigí an fód go daingean dá bhrí sin, a bhráithre, agus coinnigí an teagasc a d'fhoghlaim sibh uainne le briathar béil nó trí bhíthin litreach.
16 Agus go gcuire Íosa Críost féin ár dTiarna agus Dia ár nAthair, a thug grá dúinn agus a bhronn orainn in aisce sólás síoraí agus dóchas daingean,
17 go gcuire siad sólás croí oraibh agus go dtreisí siad libh i ngach gníomh agus briathar fónta.