3 Ná mealladh aon duine sibh ar aon tsli, mar ní foláir don cheannairc teacht ar dtús, agus ní foláir d'fhear an oilc é féin a nochtadh - is é sin mac an léirscriosta,
4 an t‑áibhirseoir a ardaíonn é féin os cionn gach neach atá in ainm bheith ina Dhia nó ina dhíol ómóis, go dtí go suíonn sé faoi i dteampall Dé agus é a mhaíomh gur Dia é féin.
5 Nach cuimhin libh mé á rá sin libh agus mé fós in bhur measc?
6 Agus tá a fhios agaibh anois cad atá á choinneáil gan a nochtadh nó go mbeidh a ionú ann.
7 Tá cumhacht dhiamhair an oilc ag obair cheana féin agus gan í ach ag fanacht go dtógfar as an tslí an té úd atá á cosc.
8 Agus ansin taispeánfaidh an mac mallachta é féin, ach déanfaidh an Tiarna Íosa é a bhascadh le hanáil a bhéil agus díothóidh é le niamhracht a theachta.
9 Faoi mar is dual do ghníomhaireacht Shátain, tiocfaidh [an mac mallachta] faoi lánchumhacht, le comharthaí agus le fearta bréige,