5 Nach cuimhin libh mé á rá sin libh agus mé fós in bhur measc?
6 Agus tá a fhios agaibh anois cad atá á choinneáil gan a nochtadh nó go mbeidh a ionú ann.
7 Tá cumhacht dhiamhair an oilc ag obair cheana féin agus gan í ach ag fanacht go dtógfar as an tslí an té úd atá á cosc.
8 Agus ansin taispeánfaidh an mac mallachta é féin, ach déanfaidh an Tiarna Íosa é a bhascadh le hanáil a bhéil agus díothóidh é le niamhracht a theachta.
9 Faoi mar is dual do ghníomhaireacht Shátain, tiocfaidh [an mac mallachta] faoi lánchumhacht, le comharthaí agus le fearta bréige,
10 agus le teann urchóide cuirfidh sé cluain orthu siúd atá ar bhealach a n‑aimhleasa, de bhrí nach nglacfaidís leis an ngrá don fhírinne a chuirfeadh ar láimh shábháilte iad.
11 Agus sin é an fáth a gcuireann Dia an mearbhall ag obair orthu sa tslí go gcreideann siad an t‑éitheach.