1 Mar fhocal scoir, a bhráithre, bígí ag guí orainne, le súil go leathfadh scéala an Tiarna go luath agus go mbeadh meas air faoi mar tharla agaibh féin.
2 Agus bígí ag guí chomh maith go saorfar sinne ó dhrochdhaoine mallaithe, mar ní hé gach duine a bhfuil an creideamh acu.
3 Ach tá an Tiarna dílis agus treiseoidh sé libh agus cosnóidh sé ar an olc sibh.
4 Táimid cinnte de sa Tiarna go bhfuil sibh ag déanamh rud orainn cheana agus go leanfaidh sibh á dhéanamh.
5 Go stiúra an Tiarna bhur gcroí ar ghrá Dé agus ar sheasmhacht Chríost.