8 ná níor ghlacamar cothú in aisce ó dhuine ar bith. Is amhlaidh a bhímis ag obair le dua agus saothar, de lá is d'oíche, ar shlí nach mbeimis inár muirín ar dhuine ar bith agaibh.
9 Ní hé nach bhfuilimid i dteideal ár gcoda ach d'fhonn sampla a thabhairt daoibhse chun go leanfadh sibh ár lorg.
10 Go deimhin nuair a bhíomar in bhur measc, seo é an foláireamh a thugaimis daoibh: “An té nach bhfuil fonn oibre air, ná caitheadh sé bia ach oiread.”
11 Tá sé á chloisteáil againn go bhfuil daoine áirithe oraibh a chaitheann a saol go díomhaoin, gan aon ní acu á dhéanamh ach a ladar a chur i ngnó daoine eile.
12 Táimid ag tabhairt foláirimh dá leithéidí sin agus ag moladh dóibh in ainm an Tiarna Íosa Críost, bheith ag obair go ciúin dóibh féin agus a gcuid bia féin a ithe.
13 I dtaca libhse de, áfach, a bhráithre, ná héirígí cortha go deo den mhaith a dhéanamh.
14 Duine ar bith nach ngéilleann do theachtaireacht na litreach seo againn, tugaigí suntas dó agus ná bíodh caidreamh ar bith agaibh leis ionas go dtiocfadh náire air.