1 Mise Pól, aspal Chríost Íosa de thoil Dé, de réir ghealltanais na beatha atá againn i gCríost Íosa.
2 Guím grásta agus trócaire agus síocháin ó Dhia an tAthair agus ónár dTiarna Críost Íosa ar mo mhac muirneach Tiomóid.
3 Gabhaim buíochas le Dia, a bhfuilim ag seirbhís dó le coinsias glan mar a dhéanadh mo shinsir romham, gach uair dá gcuimhním ort i m'urnaithe, rud a dhéanaim de lá agus d'oíche.
4 Agus nuair a chuimhním ar na deora a shil tú is fada liom go bhfeicfidh mé thú go líonfaí mo chroí le háthas.
5 Cuimhním freisin ar an gcreideamh glan sin agat. An creideamh úd a bhí ag do sheanmháthair Laoise romhat agus ag do mháthair Eunaícé, táim cinnte go bhfuil sé agatsa chomh maith.