1 Dá bhrí sin, a mhic, bí láidir le cabhair ghrásta Chríost Íosa.
2 An teagasc a chuala tú uaimse i bhfianaise a lán, cuirse é i gcúram daoine iontaofa a bheidh in ann é a mhúineadh do dhaoine eile chomh maith.
3 Cuir suas le do chion féin den chruatan mar a dhéanfadh saighdiúir dílis Chríost Íosa.
4 Aon saighdiúir a bhíonn ar fiannas, ní bhíonn sé sáite i ngnóthaí an tsaoil, d'fhonn an té lenar liostáil sé a shásamh.
5 Má bhíonn fear ag iomaíocht sna lúthchleasa, ní bhfaighidh sé an duais mura gcloíonn sé leis na rialacha san iomaíocht.
6 An feirmeoir a dhéanann an saothrú, is dósan atá an chéad chuid den bharr ag dul.