11 Is fíor an ráiteas é:Má fuaireamar bás in éineacht leisbeimid beo in éineacht leis chomh maith.
12 Má sheasaimid an fód, beimid inár ríthe leis chomh maith.Má shéanaimid é,séanfaidh seisean sinn.
13 Ach má bhímid mídhílis féin,fanfaidh seisean dílis fós,mar nach féidir dó é féin a shéanadh.
14 Cuir an méid sin i gcuimhne don phobal agus tabhair foláireamh dóibh i bhfianaise Dé gan bheith ag iomarbhá le chéile mar nach mbíonn dá thairbhe ach an lucht éisteachta a chur ar mhíthreoir.
15 Déan do dhícheall bheith diongbháilte i bhfianaise Dé mar oibrí nach náir dó a shaothar agus mar riarthóir ionraic ar bhriathar na fírinne.
16 Ach seachain an ghaothaireacht aindiaga, mar an mhuintir a chleachtann í is ag dul in éagráifeacht a bheidh siad
17 agus beidh a gcuid teagaisc ag ithe roimhe mar a bheadh cancar. Orthusan tá Himeanaes agus Fiolaetas,