15 Déan do dhícheall bheith diongbháilte i bhfianaise Dé mar oibrí nach náir dó a shaothar agus mar riarthóir ionraic ar bhriathar na fírinne.
16 Ach seachain an ghaothaireacht aindiaga, mar an mhuintir a chleachtann í is ag dul in éagráifeacht a bheidh siad
17 agus beidh a gcuid teagaisc ag ithe roimhe mar a bheadh cancar. Orthusan tá Himeanaes agus Fiolaetas,
18 beirt a chlaon ón bhfírinne, á rá go bhfuil an t‑aiséirí tarlaithe cheana féin; agus tá creideamh daoine áirithe á chur bunoscionn acu.
19 Seasann cloch bhoinn dhaingean Dé, áfach, agus tá an séala seo greanta inti: “Tá aithne ag an Tiarna ar a mhuintir féin,” agus “Gach duine a ghlaonn ar ainm an Tiarna, tréigeadh sé an urchóid.”
20 Ní árthaí óir agus airgid amháin a bhíonn i dteach mór ach árthaí adhmaid agus árthaí cré chomh maith. Bíonn feidhm uasal le cuid acu sin agus feidhm anuasal le cuid eile.
21 Dá bhrí sin, má ghlanann duine é féin ón táire sin, beidh sé ina árthach a bhfuil feidhm uasal leis; beidh sé naofa agus fóinteach dá mháistir agus é réidh chun gach dea-ghníomh a dhéanamh.