17 agus beidh a gcuid teagaisc ag ithe roimhe mar a bheadh cancar. Orthusan tá Himeanaes agus Fiolaetas,
18 beirt a chlaon ón bhfírinne, á rá go bhfuil an t‑aiséirí tarlaithe cheana féin; agus tá creideamh daoine áirithe á chur bunoscionn acu.
19 Seasann cloch bhoinn dhaingean Dé, áfach, agus tá an séala seo greanta inti: “Tá aithne ag an Tiarna ar a mhuintir féin,” agus “Gach duine a ghlaonn ar ainm an Tiarna, tréigeadh sé an urchóid.”
20 Ní árthaí óir agus airgid amháin a bhíonn i dteach mór ach árthaí adhmaid agus árthaí cré chomh maith. Bíonn feidhm uasal le cuid acu sin agus feidhm anuasal le cuid eile.
21 Dá bhrí sin, má ghlanann duine é féin ón táire sin, beidh sé ina árthach a bhfuil feidhm uasal leis; beidh sé naofa agus fóinteach dá mháistir agus é réidh chun gach dea-ghníomh a dhéanamh.
22 Seachain baois na hóige agus bíodh tóir agat ar an bhfíréantacht, ar an gcreideamh, ar an ngrá agus ar an tsíocháin, tú féin agus iad siúd a ghlaonn ar an Tiarna le croí glan.
23 Seachain chomh maith na díospóireachtaí baotha seafóideacha agus a fhios agat nach ndéanann siad ach achrann a chothú.