1 Bíodh a fhios seo agat: go bhfuil saol guaisiúil i ndán sna laethanta deireanacha.
2 Beidh na daoine leithleasach, santach, maíteach, uaibhreach agus maslach; beidh siad easumhal dá dtuismitheoirí, díomaíoch agus mínaofa.
3 Beidh siad fuarchroíoch, mídhílis, béadánach, gan smacht ná riail orthu agus gan grá acu don mhaith.
4 Beidh siad fealltach, meargánta agus iad lán díobh féin agus gur fearr leo an pléisiúr ná Dia.
5 Beidh comharthaí sóirt na cráifeachta acu, ach go mbeidh a brí séanta acu. Seachainse a leithéidí.
6 Tá daoine orthu a shleamhnaíonn isteach i dtithe agus a chuireann cluain ar óinseacha ban a bhfuil ualach peacaí orthu agus iad mearaithe ag mianta éagsúla,
7 mná a bhíonn ag lorg eolais de shíor ach gan é ar a gcumas eolas a fháil ar an bhfírinne choíche.