10 I dtaca leatsa de, tá eolas maith curtha agat ar mo theagascsa, ar mo bhéasa, agus ar mo chuspóirí. Tá eolas curtha agat ar mo chreideamh, ar m'fhoighne, agus ar mo ghrá.
11 Tá eolas curtha agat ar mo ghéarleanúintí agus m'angair, mar a d'éirigh dom in Aintíoch agus in Iocoiniam agus i Liostra agus ar ghabh mé tríothu de ghéarleanúintí. Ach thug an Tiarna slán mé uathu uile.
12 Gach duine arb áil leis maireachtáil go diaganta i gCríost Íosa, déanfar géarleanúint air mar an gcéanna.
13 Ach is in olcas a rachaidh na drochdhaoine agus na mealltóirí - daoine atá ag dul amú iad féin agus ag cur daoine eile amú.
14 Cloígh-se, áfach, leis an teagasc a fuair tú, teagasc a bhfuil tú suite go daingean de. Tuigeann tú cé uathu a fuair tú an teagasc sin,
15 agus tuigeann tú chomh maith go raibh eolas agat ó aois na hóige ar na scríbhinní naofa a bhfuil de chumas acu tú a dhéanamh eagnaí agus tú a sheoladh chun do shlánaithe trí chreideamh i gCríost Íosa.
16 Gach cuid den scrioptúr, tá tinfeadh Dé faoi agus tá tairbhe ann chun teagasc a thabhairt, chun earráidí a bhreagnú, chun daoine a cheartú agus iad a mhúineadh chun fíréantachta