3 Bhí an-áthas orm, ar theacht do chuid de na bráithre, gur thug siad teastas ar do fhírinne, mar atá, go siúlann tú san fhírinne.
4 Níl aon chúis ghairdis agam is mó ná a aireachtáil go siúlann mo chlann san fhírinne.
5 A bhráthair na páirte, is dílis a chruthaigh tú sa mhéid go ndearna tú gar do na bráithre, agus go háirithe nuair ba choimhthígh iad, a thug teastas ar do charthanacht i bhfianaise na hEaglaise go léir.
6 Is inmholta a chruthóidh tú, á seoladh siúd chun bealaigh mar is cuí do sheirbhís Dé.
7 Mar gur ar son a ainmsean a ghabh siad bóthar agus gan tada á ghlacadh acu ó na págánaigh.
8 Is mithid dúinne dá bhrí sin soláthar dá leithéidí le go mba comhoibrithe sinn san fhírinne.
9 Scríobh mé focal chuig an eaglais, ach an fear sin Diotrafaes ar breá leis an ceannas ní thugann sé aon aird orainn.