5 A bhráthair na páirte, is dílis a chruthaigh tú sa mhéid go ndearna tú gar do na bráithre, agus go háirithe nuair ba choimhthígh iad, a thug teastas ar do charthanacht i bhfianaise na hEaglaise go léir.
6 Is inmholta a chruthóidh tú, á seoladh siúd chun bealaigh mar is cuí do sheirbhís Dé.
7 Mar gur ar son a ainmsean a ghabh siad bóthar agus gan tada á ghlacadh acu ó na págánaigh.
8 Is mithid dúinne dá bhrí sin soláthar dá leithéidí le go mba comhoibrithe sinn san fhírinne.
9 Scríobh mé focal chuig an eaglais, ach an fear sin Diotrafaes ar breá leis an ceannas ní thugann sé aon aird orainn.
10 Dá bhrí sin, má thagaimse cuirfidh mé ina luí air céard tá ar siúl aige, é ag béadán orainn le briathra éagóracha. Agus faoi mar nach leor leis sin, ní fháiltíonn sé féin roimh na bráithre, agus coisceann sé an mhuintir a fháiltíonn agus díbríonn as an eaglais iad.
11 A bhráthair na páirte, ná déan aithris ar an olc ach ar an maith. An té a dhéanann an mhaith is ó Dhia dó, an té a dhéanann an t‑olc ní fhaca sé Dia.